Tuesday 6 December 2016

Fataí na Filíochta

le cead  LC/Niels Westra

Le linn domh bheith i Ljouwert in earrach na bliana seo, bhí sé de phribhléid agus de phléisiúr agam castáil le Janneke Spoelstra.

Is as baile beag darb ainm Hijum í Janneke Spoelstra, sa Fhreaslainn (an Isiltír). Rugadh ann í sa bhliain 1962. Cónaíonn sí anois in Alde Leie sa cheantar céanna. Rinne Janneke staidéar ar an Fhreaslainnis agus Béarla, agus tá comhlacht aistriúcháin aici. Oibríonn sí fosta sa Fryske Akademy. Is eagarthóir den iris liteartha Freaslainnise, Ensafh agus den nuachtán De Pet í chomh maith.

 Tá dhá chnuasach filíochta foilsithe aici agus cnuasach gearrscéalta. Tá sí i mbun oibre ar úrscéal faoi láthair.

Roghnaíodh a cnuasach gearrscéalta, In Jikse-libben, le cur ar taispeáint ag Frankfurter Buchmesse 2013, mar cheann de dheich leabhar Freaslainnise, eiseamláirí den chuid is fearr de litríocht na teanga sin sa lá atá inniu ann.


In Eanáir 2015, thug Janneke Spoelstra cuairt ar Mhálta don tionscnamh'Fataí na Filíochta'. Léigh sí roinnt dá cuid dánta lees ik in rjappel yn ’e grûn agus altyd alve i Valletta, Málta.

Janneke Spoelstra
https://twitter.com/skripperje

Seo thíos leaganacha Gaeilge den dá dhán sin, agus thíos futhu na bunleaganacha Freaslainnise.




aondéag go deo

(I)

háigh-á-á-á

ligim goldar
leis na tithe
bhfuil aonduine ann?

i gcónaí, bíonn
freagra

ó Shlí Oerd
nó ó Lána Popke,
Sráid na Scoile
nó an Bóthar Beag

cumaimid scéimeanna cliste
le gabháil i bhfolach
an lá deiridh den
scoil

snámhaimid thar an talamh, i ndiaidh
teachtaireachtaí a dhéanamh
don mhúinteoir
taobh thiar de bhoth na rothar,
tig sé orainn

le glór séimh
labhraíonn sé linn
le guth
a bheireann greim cába orainn,

an té nach gcuireann san earrach ní
bhaineann sé san fhómhar
a deir sé liom,
liomsa

inár seasamh ar thaobh an bhealaigh mhóir
—pleidhcí
caithimid buidéal plaisteach folamh
isteach
i lár an an aonaigh


plab
nuair a thiomáineann carr
thairis

ar crith

sáimid tairne i
i bhfráma fuinneoige, ag
tarraingt ar shreang, tig cnag
ar an ghloine
beirtear orainn
a scuabaidí!

muide, ár múin á scaoileadh le
heagla
agus gan anáil
i mboth na rothar





(II)

shuigh mé ar a nglúin 

tá Daideo agam
nach gcreideann
gur landáil daoine
ar an ghealach

a mhúchann an teilí
nuair a thagann na fir i gcochaill bhána
ón Ku Klux Klan
ar an scáileán,
Daideo a deir:
sin an cailín cliste

nuair a thaispeánaim
mo thuairisc scoile dó, Mamó a
dhoirteann amach ‘deoch bainne' dom,
a éisteann le stáisiún bradach raidió
le luí na gréine

tá mé aondéag,
sa bhaile fearainn atá
siar an bóthar tá aithne ag
achan duine ar an Daideo eile
a mbíodh na scéalta aige,
an Mhamó a
bhí tinn le fada

shuigh mé ar a nglúin,
ach níl aon phictiúr dóibh agam
i m'intinn




(III)

mise a choinníonn gach rud le chéile

tá deartháir is deirfiúr agam,
d'fhéadfaidís beirt araon
mé a mharú le gunna nuair atá cead agamsa
breathnú ar Merijntje Gijzen, agus níl siad in ann

breathnú ar TopPop, nuair a imíonn siad i
mbun a ngnó féin agus tá
eagla orm fanacht ar m'aonar

ach ina dhiaidh sin, is deartháir óg mé
do mo dheartháir,
imrím sacar leis,
an gheata ina chuaille,
is deirfiúr óg mé
do mo dheirfiúr

sa seomra leapa atá ag an bheirt
againn lena póstaeir popcheoil
agus na bábóga a mbíodh
muid ag súgradh leo

mise a choinníonn gach rud le chéile






(IV) 

cad atá i ndán di siúd?

díríonn Ruurd Groenje a mhéar
orm agus deir sé:

cad atá i ndán di siúd,
a mhinistir? tchí sé
colpa suarach roimhe,
mar a chonaic na buachaillí a

shíl gur bhuachaillí muid
i Stiens, lá
nuair a bhí muid beag

feirmeoir déanta
thú, a deir Deaid agus

deir an traenálaí, d'fhéadfá imirt don
phríomhfhoireann, agus ábhar
scoláire atá ionat,
a deir an múinteoir creidimh
aithníonn siad uilig na ciaróga
iontu féin




(V)
   
comharsana

tá mé aondéag, tá athair agam
cuidím leis, tá máthair agam
cuidím léi, tá bitseach againn
déanaim í a choimead
ar an tsráid nuair atá sí faoi adhall

seachas é sin ligimid cead a cinn léi
nach cuma má alpann sí siar
bia an chait, tigh na gcomharsan

tá buachaill síos an bóthar
ar lena athair é
cailín
ar lena máthair í

tá babaí ann
ar leis an athair sin
agus an mháthair siúd í
tá buachaill eile ann
síos an bóthar
a d'fhéach le é féin a chrochadh
ach tháinig a mháthair air

díreach in am




(VI)

bhfuil aonduine ann?

a thabharfas freagra dom

bhí daoine ann
a bhí aon bhliain déag
a chuaigh chun an choláiste
a d'imir don phríomhfhoireann

bhí daoine ann
a chuaigh i bhfolach
a shnámh
a bhí ar crith

a rinne a múin
le heagla

agus - b'fhéidir,
díreach in am -
thángthas
uirthi
nó air




(VII)

tá daoine ann


ag obair ar an fheirm
amuigh ag siúl leis an bhitseach
agus comharsana
tá daoine eile ann, ag seanmóireacht

a chónaíonn sa bhaile fearainn
taobh leat
agus tá aithne acu ar na daidithe,
na mamaithe,
na daideoanna agus na mamóanna

ní fheiceann gach duine
a gcuid páistí, ag baint aondéag amach
ná a ngarpháistí fiú -
má bhí siad ariamh
ar a nglúin
ar chor ar bith

tá pictiúirí dóíbh siúd agam
i m'intinn

níl mé aondéag a thuilleadh

ach,
más mian liom

háigh-á-á-á





altyd alve


(I)

aa-û-á

smyt ik it doarp
foar de fuotten
is der wa?’

en fan it Oerd
of Popkereed,
Skoalstrjitte of
Lege Hearrewei,

altyd komt der
wol in antwurd

betinke wy snoade
plannen om ûnder te
dûken op ’e lêste dei
fan it skoalreiske

krûpe wy, nei it
boadskiprinnen
foar master, achter
it fytsehok, fynt er

hoe myld is de hân
dy’t ús nei binnen
praat, it lûd dat ús
bij de lurven liedt,

hoe wylder de spultsjes
hoe sloarderiger it
skriuwen,’ seit er
krekt tsjin mij

smite wy út ’e berm
nuvere kluchten –
lege plestik flessen
op ’e grutte dyk

de roffel as der in
auto oer hinne riidt
wij rydboskje

stekke in spjeld yn
in kezyn, lûke oan in tou
tikket it op ’t rút,
pakt immen ús
ferfelende klieren’

binne wy, pisje fan
benaudens en hymje út
yn it bushokje






(II)

se ha my op ’e skurte hân

ik haw in pake
dy’t net leaut
dat se op ’e
moanne west ha

dy’t de televyzje
útset as der mannen
mei in wite kape
fan ’e Ku clux clan
op binne, in pake dy’t
seit: ‘dêr sit in kopke op’

as ik him myn rapport
sjen lit, in beppe dy’t
my in ‘koppy melk’ ynjit,
nei Veronica lústert yn
skimeroere

ik bin alve en yn it
buordoarp ken elk
dy oare pake dy’t fol
ferhaaltsjes siet,
de beppe dy’t
salang siik wie

se ha my op ’e skurte
hân, mar ik kin my
harren net foarstelle




(III)

ik hâld de boel bijelkoar

ik ha in broer en in suster,
se kinne my beide
wol sjitte as ik Merijntje
Gijssen sjen mei en sij

TopPop dus net, as sij
te trenen wolle en ik net
allinne thúsbliuwe doar

mar oars, ik bin in
broerke foar myn broer
fuotbalje mei him,
de hikke is de goal,
in suske foar myn suster

it keammerke dat wy
dele mei har pop-posters
en de poppen dêr’t wy
tegearre mei boarten

ik hâld de boel bijelkoar






(IV)

wat moat dy wurde?’

grutte Ruurd Groenje
wiist nei mij en freget:

wat moat dy wurde,
dûmny?’ sjocht in
skriel jonkje yn my,
lykas dy jonges ús

foar jonges oanseagen
yn ’e buorren fan Stiens
wat groeiden wy

der hie oars wol in boer
yn stutsen’, seit heit en ’e

trener seit, ‘it wurdt wol
ien foar it earste’, en ‘grìf
ien foar de Mavo,’ seit
de godstsjinstjuf
dat wolle se wol leauwe




(V)

buorlju

ik bin alve, ik ha in heit
dy’t ik help, ik ha in mem
dy’t ik help, we ha in hûn
dy’t ik útlit as er loops is

oars litte wy him rinne
ek al fret er de kattepanne
bij de buorlju leech

ik ha in buorjonge dy’t
ien fan syn heit is
in buorfamke dy’t
ien fan har mem is

der is in poppe dêr
dy’t fan sỳn heit en
hàr mem tegearre is
ik ha in buorjonge dy’t
him ophingje wollen hie
mar syn mem fûn him

krekt op ’e tiid



(VI)

is der wa?

wa anderet mij

der wie immen
dy’t alve wie
nei de Mavo gie
yn it earste spile

der wie immen
dy’t ûnderdûkte
dy’t fuortkroep
dy’t rydboske

dy’t pisse
fan benaudens

en – miskien wol
krekt op ’e tiid –
fûn
waard




(VII)

immen

buorket
hat in hûn
en buorlju
immen preket

wennet yn in buordoarp
en ken de heiten, memmen,
pakes en beppen

net elk sjocht
syn bern, lit stean
syn bernsbern –
as men har al
op ’e skurte hân hat 
alve wurden

ik kin my harren
wol foarstelle

ik bin gjin alve mear


alhoewol
as ik wol

aa-û-á


(le Janneke Spoelstra; Aistriúchán: Réaltán Ní Leannáin; foilsithe i bhFreaslainnis in Ensafh, nr. 3, 2012)


Image result for potatoes





Sceallán


I


Dreapaim thar na dabaí créafóige leis féin,
an deartháir,
Ní dósan saol na feirmeoireachta, eisean
a bhfuil ainm gach éan beo
ar eolas aige,
ag geabaireacht leis,
ag giorrú bóthair is tráthnóna araon
thig leatsa rud ínteacht a rá chomh maith,
a deir sé


cuireann athair teilgean ar na línte
cúramach leis na súilíní
a deir uncail, cliathbhoscaí á n-iompar aige
smuga ag luasacadh óna ghaosán
glúine oráiste rubair ar a bhríste oibre
ag cromadh thar an chré dhubh
go fonnmhar


tig Daideo aníos an garraí
ag cromadh ar a bhata
brúnn sé piolla faoina theanga
a chársánacht ag imeacht leis an ghaoth thirim,


II


maidin Domhnaigh, ag rothaíocht l'athair
tá siad á gcur sna línte cheana
na Bintje S,
togha an stoic, a deir sé,
tosóidh sé á scrúdú amárach,
fuair sé an cleas sin ó Biense Dankert, is
Agranamaí é a mhac
rolladh duille, muna ndéanann tú ach spléachadh a chaitheamh
ar scairdeitleán míleata
agus ansin
anuas arís
ar an duilliúr,
dheamhan faic a fheicfeas tú


agus tchím iad i m'intinn, na bláthanna a bheas orthu,
roinnt acu bán agus roinnt eile, corcra,
tiocfaidh Sietse Jansma ó Stiens
fear buí ina shuí ar tharracóir buí
lena sprae, agus beidh siad marbh


III


Tá na fóid ar imeall an gharraí tiontaithe ag athair
réidh don chapall
tig aintí agus na col ceathracha
agus muide, athair chun tosaigh leis an lastóir
carnann uncail na cliathbhoscaí ar mhullach a chéile
caitheann burlap tharstu chun iad a cheilt ó sholas na gréine


tig máthair thar an damba
tae léi do na daoine móra
rivella dúinne,
suímid, ár ndroim
le sconsa, le cuaille


cuirtear na cliathbhoscaí in airde
ar an charr, ligeann siad an srian liom
deirim: hup, hup, a chapaill
glacann sé céim amháin
Ó, dá mbeinn i mo bhuachaill


IV


tá brabús againn, i mbliana,
níos mó ná Jan Jensma, fiú -
fear na n-ácraí,
a dhíolann iad uilig leis na siopaí móra -
airgead againne anois le díon nua a chur ar an stóras





lees ik in rjappel yn ’e grûn

I

krûp ik neist broer op kluten,
hij wol gjin boer wurde, hij
ken alle fûgels
fertelt mopkes, dy’t it lân
en de middei koarter meitsje
sees do ek es wat, seit er

is heit oan ’t opstriken
tink om spruten,
seit omke, dy’t sjout mei bakken
hinget in noasdrip
fleurich stiet it oranje
fan it rubber foar de knibbels
fan ’e krûpersbroek

komt pake de foareker del
linet er op stôk
docht er in piltsje ûnder de tonge
in skrale wyn, himet er



II

bin ik mei heit te fytsen
sneintemoarn, ha se it lân al yn
de Bintsje S’en, stamseleksje,
seit er, moarn begjint er
te suverjen, Bjinse Dankert
hat er it fan leard, dy syn soan is
lânboukundich yngenieur
blêdrol, firus, ast even nei in oerkommende
straaljager sjochst en dan wer
nei de loffen, sjochst der gjin bliksem fan

en ik wit, se sille bloeie, guon wyt en guon pears
en dan komt Sytse Jansma út Stiens
gele man op gele trekker
om se dea te sproeien



III

hat heit foardold
komme tante en de nichten
en wij, heit mei de lichter foar ús út
omke set bakken opinoar
baalsek deroer dat se net beskine

komt mem troch de daam
mei tee foar de grutten
rivella foar ús, sitte wy mei rêch
tsjin hikke en peal

wurdt it tiid om de bakken
op ’e wein, mei ik de leie
sees ik: fuort kêde bok
stapt it hynder
o, as ik in jonge west hie



IV

barre wy, dy iene kear,
mear as Jan Jensma
dy’t op kontrakt leveret
mei al syn hektares
kin der in nij dak op it skuorke


( le Janneke Spoelstra; Aistriúchán: Réaltán Ní Leannáin; leagan Freaslainnise  foilsithe, Langst fan 'e dagen Janneke Spoelstra, 2011 )