Bailiúchán de thomhaiseanna ón bhéaloideas atá anseo, bunaithe ar easpa a chonacthas sa réimse ábhar a bhí ar fáil dá leithéid do pháistí sa seomra ranga.
Tá leagan amach an leabhair dírithe ar pháistí ach ní do pháistí amháin a fheidhmíonn sé.
Mar shampla, bain triail as:
'Caidé nach bhfuil béal uirthi a inseochas scéal duit?'
nó
'An fear a rinne í dhíol sé í
An fear a cheannaigh í
níor úsáid sé í
An fear a d'úsáid í
Ní fhaca sé riamh í.'
nó
'Ghilín ó gheailín, fear farraige anoir,
fear inse an scéil, gan féith, gan fuil.'
Agus más mian libh na freagraí a chinntiú, ceannaigh an leabhar!
Tá seacht gcéim acu, bunaithe ar sheacht gcéim theacht in éirim an fhile. Is dócha gur ar mhaithe leis an aip a rinneadh é seo. In am seo a scríofa níl an aip ar fáil go fóill ach beidh... Tá páistí - agus daoine fasta - chomh cleachtaithe le leibhéil éagsúla 'Angry Birds' nó 'Candy Crunch' is go nglacfaidh siad leis an leagan amach seo sa leabhar agus an aip i gcúl a gcinn i gcónaí. Tá mé ag tnuth lena fheiceáil - bíodh is nach bhfuair mé thar leibhéal a 2 de 'Mario Brothers' riamh.
Tá an leagan amach, na léaráidí, an caighdeán déantúsaíochta - tá siad uilig d'archaighdeán, mar is gnáth le Éabhlóid. Is maith liom na léaráidí go mór - simplí agus ina macallaí den aip atá le theacht.
Ní don seomra ranga amháin atá sé seo in oiriúint, mar a luaigh mé. Samhlaím tuismitheoirí ag plé lena gclann ag baint an-sult as seo. Beidh go leor daoine idir óg is aosta ag cur is ag cúiteamh faoi na tomhaiseanna difriúla, agus go bhfóire Mor orainn má thógann Deaid amach é ag an Nollaig, i ndiaidh dinnéara ...
Gheobhadh go leor de na tomhaiseanna ann an ceann is fearr ar aon Ghollum ná hobad ná aon chréatúr eile.
Tá duine de na húdair agus ceann feadhna Éabhlóid, Eoghan Mac Giolla Bhríde, ag caint faoi ar Raidió na Life ANSEO. Tá Eoghan machnamhach go maith faoin fhís a fheiceann sé féin leis an leabhar, agus ós ag trácht ar mhachnamhacht mé, luann sé é sin ar cheann de bhuanna an leabhair fosta.
Tá Aodh Ó Gallchóir ag trácht air ar an chlár céanna. Luann sé meascán na gcanúintí atá le fáil ann ach is bunfhealsúnacht de chuid Éabhlóid gan chanúintí a chighdeánú. Luann Aodh chomh maith an saibhreas cainte
Aoisghrúpa? Tachráin+++ !
Tá me lena thabhairt d'Alannah béal dorais agus gheobhaidh mé amach uaithi siúd an measann sí an bhfuil siad ró-dheacair dá Deaid is dá Mam...