Saturday 27 February 2016

Diabhlaíocht Dé

ó Thuras Amháin 3 Iúil 2015



Tá mé cinnte fá rud amháin. Ní bheidh teacht ar an leabhar seo go furast i gclochair na tíre seo. Nó má tá, is i bhfolach agus faoi cheilt ag clúdach páipéar donn a bheas sé, saor ó dhearcanna na mban rialta agus a n-oifigeach. I measc na leabhar bitheolaíochta, seans.

Mar is bitheolaíocht atá ann. Bitheolaíocht na ndéithe, na ndaoine agus na n-ainmhithe uilig go léir  atá meascaithe i meanglam mearaí cumadóireachta, iad uilig go léir ag comhrá lena chéile agus ag comhrac lena chéile. Tá imeartas ann sna focail agus sna coirp, sa ghnéas agus sa ghnéasúlacht.

Cuirfidh lucht an bhéaloidis suim sna scéalta mar is scéalta iad a cumadh sa mhullach ar mhiotais agus ar thraidisiún béil an domhain chláir ar fad. Cuirfidh diagairí spéis iontu mar a bheadh puzail ann, ag iarraidh na foinsí as a n-eascraíonn siad a aimsiú. Cuirfidh déagóirí spéis as cuimse iontu as baill agus fuincsin a aimniú os ard agus go hoscailte. Ar nós 'Treas Rúndiamhair na bhFear', tá friotal an ghnéis i bhfolach faoi chlóca beannaithe sa tír seo, an rud nach n-ainmneofar. Tá an scéal meafarach seo bunaithe ar an rúndacht sin. Tá oscailteacht agus dánaíocht agus is-cuma-sa-tsiocaíocht sna scéalta seo a shéanann an clóca sin. Sa scéal céanna, shíl mé gur bhraith mé macallaí Titleyacha i nguth an Ard-Uachtaráin, ach seans go raibh me meallta...

Is faoi dhéithe agus faoi dhiabhail cuid mhaith de na scéalta seo, ach ní déithe ar an mhúnla Críostaí iad, i bhfad ar shiúl agus Nua-Bhíoblacha le grá. No, sirree. Seo déithe garbha, cantalacha, leisciúlacha. Seo déithe Gréagacha, Lochlannacha, oirthearacha, iartharacha. Tá mioscais sna déithe seo, agus tréithe daonna eile idir mhaith agus olc. Tá clann agus pobal agus tithe agus seomraí atá ró-lán ag na déithe seo, Bíonn mianta diúltacha agus deimhnitheacha acu, bíonn fuil mhíosta acu, buailtear bobanna orthu agus bíonn fearg orthu dá réir. Is déithe den tseandéanamh iad, ar nós na ndaoine maithe. Bíodh eagla orainn rompu!

Tá roinnt scéalta bunaithe ar na soiscéil ann. Ní ligfidh na mná rialta agus a n-oifigigh do na píosaí siúd theacht isteach san fhoirgneamh. Ar na cinn seo tá Lazarus, i ndiaidh dó aiséirí, fear le 'hathshaol nach saol é'. Tá an scéal seo ar cheann de na scéalta is dorcha agus is rúndiamhraí sa chnuasach, agus tuigimid go bhfuil rudaí ceilte orainn ar shaol Lazarus agus a chomrádaí Íosa ina n-óige a ghríosaigh Íosa chun pianbhreith an tsaoil a dhaoradh ar Lazarus.

Cuirtear cor nua i scéalta na maighdine mara dúinn, fosta, in 'An Mac Mara'. Arís ar ais, tig an domhan osnádúrtha agus an domhan daonna le chéile anseo agus ní go ró-mhaith a réitíonn siad. Tá móitíf laige nó donas dhaoine daonna ag rith trí na scéalta seo ar fad, i gcomparáid le h-uaisleacht ainmhithe agus le fibíneacht na ndéithe agus na ndiabhal, mar shampla, sna chéad trí scéal - 'In ainm Dé', 'Diabhlaíocht Dé' agus 'Bricfeasta Mada'. Amhail is nár oir an éabhlóid dhaonna do na déithe nó gur chuir an cúram a chruthaigh siad féin -muide -  isteach ar a slí mhaireachtála, tá teannas agus achrann idir dhéithe iad féin le feiceáil, agus a gcumhacht  thar na créatúir laga, leochaileacha, lochtacha seo thíos futhu.

Nóta beag deiridh mar gheall ar an obair ealaíne le Seán Ó Flaithearta - chomh rúndiamhrach agus diabhlaíoch leis na scéalta iad féin.

Saothar a bheas á chíoradh agus á chardáil go cionn tamaill. Ach chan sa chlochar ná sa chlabhstra, cuirim geall.



Léirmheas breise; Southword 29 ANSEO

 

Monday 22 February 2016

Hata Zú Mhamó



Roinnt blianta ó shin bhí dán de chuid Áine Ní Ghlinn á mhúineadh sa seomra ranga agam don Teastas Sóisearach - Gealt? Idir sin is seo aistríodh an dán ón chúrsa don Teastas Sóisearach go dtí cúrsa an ArdTeastais.
Is dán é a chuireann síos ar fhear agus pitseamaí á gcaitheamh aige a théann ar bord bus, agus míchompord na ndaoine thart air. Ar ndóigh, ní fios an dtuigfeadh páistí an lae inniu an míchompord seo - is iomaí duine a théann ag spaisteoireacht ar an tsráid agus pitseamaí orthu ó shin!

Thaitin an dán le páistí scoile ag an am - fiú páistí scoile laga, dúshlánacha, neamhghafa. Bhí sé áiféiseach, greannmhar mar dhán ach bhí rian bá agus pathos ag baint leis fosta. 'Something for everybody in the audience', mar a déarfaí.

Mar an gcéanna anseo, fillimid ar théama seo daoine atá rud beag as alt sa saol. Sa chás seo, daoine atá sean agus cúram de dhíth orthu, agus 'sifil na haoise' ar roinnt acu. Tá pathos agus greann ag teacht le chéile sa scéilín seo, 'Hata Zú Mhamó'. Éalaíonn Mamó agus a cairde ón teach altranais ar feadh an lae - ach faoi chúram gariníon Mhamó, Siobhán. Tá Siobhán sa chéad nó sa dara bliain de mheánscoil, nó b'fhéidir an tríú bliain.

Bíodh is go bhfuil an fócas dírithe go príomhá ar an ghariníon, Siobhán, faighimid léargas luachmhar ar na seandaoine sa leabhar. Is anseo a fheicimid an pathos ar obair, mar is rí-léir go bhfuil saol caite ag na daoine seo atá athruithe go mór. Sampla air seo is ea 'sifil na haoise' de chuid Mhamó a thugann le fios dúinn nach dtuigeann sí cé chomh mór is a bhfuil ísliú tagtha ar luach an airgid atá ina glaic aici. Sampla éile ná an gearr-radharc a fhaighimid fá shaol Jeaic le heilifintí roimhe seo. Aon mhaoithneachas a mhothaímid faoi dhuine ar bith de na carachtair seo, áfach, díbrítear é le greann nó le casadh sa scéal.

An t-aon iontas a bhí orm ó thaobh bplota de ná nár scairt Mamaí Shiobháin ar a hiníon nuair a fuair sí an teachtaireacht go raibh sí i ndiaidh a mamó agus a cairde a fhuadach ón teach altranais. Ar ndóigh, in amanna, is deacair idirdhealú a dhéanamh an iad na seandaoine a rinne fuadach ar an chailín nó an í a cailín a rinne fuadach ar na seandaoine, ach oibríonn an cranndaí-bogadaí seo de ghnímh agus de mhothúcháin go maith don scéal. Bogann an scéal ó radharc go radharc, ó ghníomh go gníomh, go beoga bríomhar. Faoin am a fhillimid ar Mhamaí sa scéal tá muid i ndiaidh luasacadh ó ghariníon go seandaoine go tiománaí tacsaí ar ar ais arís. Tá mearbhall orainn féin.

Beidh an leabhar seo úsáideach sa seomra ranga - ag brath ar an ghrúpa is féidir plé beoga a oscailt ar chúram sheandaoine, ról agus feidhm sheandaoine sa sochaí seo againne, neamhspleáchas pearsanta... agus ná bíodh aon dabht orainn gur féidir le páistí déileáil leis na coincheapa seo. Tá ábhar tromchúiseach go leor le haimsiú istigh sa leabhar, maolaithe ag an ghreann. Ach tá an cur chuige scríbhneoireachta anseo sofaisticiúil. Bainfidh páiste soineanta sult as an leabhar mar leabhar greannmhar, sultmhar, bríomhar. Bainfidh páiste a bhfuil taithí acu ar mháthair mhór nó ar athair mór atá ag dul i ngleic le fadhbanna seanaoise an sult céanna as an leabhar, ach déanfaidh siad tuilleadh machnaimh lena chois.

Seo an fáth gur tháinig an dán, 'Gealt?' i mo cheann, is dóigh liom. Chonaic mé páistí 'laga' ag dul i ngleic le coincheapa casta faoi dhaoine le meabharghalar agus iad lánábalta aige mar gheall ar an dan seo. Ar ndóigh, is i mBéarla a bhí an plé mar bhí siad chomh tógtha faoin ábhar agus lánchinnte go raibh siad ag iarraidh a dtuairimí a nochtadh don rang. Ach in amanna is fearr ligint do na rámhaí sa sruth...

Mar an gcéanna anseo. Creidim gur leabhar é seo a léifidh páistí dá ndeoin féin go haonarach agus go mbainfidh siad sult as, ach a mbeidh inghlactha mar lón léitheoireachta ranga.

Aois? Idir 10-15. Ag bun an scála sin, 10, má tá Gaeilge mhaith acu (Gaeilge ó dhúchas nó gaelscoil). Ach beidh sé ina leabhairín inléite agus inspéise le daltaí suas go 14/15 chomh maith, mar gheall ar an ábhar.

Idir leabhar cló agus closleabhar ar fáil.

02 Márta: uasdátú ó Alannah (10), mo chomharsa béal dorais. Thug mé an leabhar di le measúnú a dhéanamh air. Is léitheoir craosach í ach déarfaidh sí leat muna dtaitníonn rud léi. Tá Alannah ag freastal ar Ghaelscoil ach níl aon Ghaeilge ag Mamaí ná ag Deaid. 

Líon a haghaidh le lúcháir nuair a chuir mé ceist uirthi caidé mar a bhí an leabhar. 'Iontach, iontach, iontach maith!'ar sí.